Dumpáil Mhídhleathach ag ‘Bainc Athrchúrsála- Bíodh meas agat ar an tseirbhís se
Máirt, 15 Aib 2025 12:48:00 BST
Is acmhainn an-tábhachtach iad na ‘Bainc Athrchúrsála agus na Bainc Teicstíle Teaghlaigh chun cabhrú le Contae na Gaillimhe a cuid féin a dhéanamh don chomhshaol. Ar an drochuair tá muid ag féaceáil meadú ar dumpáil mhídhleathach ag na háiteanna seo ar fud an chontae agus impímid ar gach úsáideoir de na hionaid seo gan mí-úsáid a bhaint as na háiseanna seo trí bhruscar nó dramhaíl a fhágáil timpeall orthu.
Tá brú ar leith ar an seirbhís banic teicstíle faoi láthair agus tá mí- úsaid á baint as an tseirbhís i gcónaí agus earraí toirtiúla mí-oiriúnacha á gcur go rialta sna bainc seo ag cur bac ar an mheicníocht don fánán nó ag dumpáil earraí in aice leo. Is minic a fhaigheann foireann áitiúla na Comhairle amach nach bhfuil bainc gar do lánacmhainneacht ach go bhfuil bac orthu mar gheall ar an gcineál dramhaíola a chuirtear isteach iontu.
Is cion faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar é bruscar agus dlitear fíneáil €150 ar an láthair agus/nó ionchúiseamh a ghearradh. Tabhair do mhálaí/boscaí abhaile leat le do thoil agus is féidir iad a athúsáid arís.
Leanfaidh patróil shoghluaiste Chomhairle Chontae na Gaillimhear aghaidh ag déanamh monatóireacht leanúnach ar láithreacha ‘Bainc Athrchúrsála ar fud an chontae in iarracht breith ar ghnólachtaí nó ar dhaoine aonair atá ag dumpáil ag na suíomhanna seo.
Fiú nuair a bhíonn na bainc lán, tá sé mídhleathach do chuid earraí a fhágáil in aice leis an gcoimeadán - téigh chuig suíomh bainc eile nó filleadh in athuair nuair a bheidh na coimeadáin folamh.
Má tá aon Bainc Athrchúrsála lán déan teagmháil le Comhairle Chontae na Gaillimhe ar
091-509510 nó ríomhphost chuig: environment@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte