Tugann an tAire Cummins cuairt ar an chloch mhíle tithíochta is nuaí i nGaillimh
Máirt, 29 Aib 2025 11:10:00 BST
Bhuail an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil agus do Phleanáil, John Cummins, T.D., le hoifigigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag Áras an Chontae inniu (Déardaoin, an 17 Aibreán 2025) chun a straitéisí a phlé maidir le tionscnaimh nua tithíochta sóisialta agus inacmhainne a rolladh amach ar fud Chontae na Gaillimhe.
Le linn a chuairte, thug an tAire Cummins camchuairt ar shuíomh scéime nua tithíochta inacmhainne ag Baile Chláir. Tá cónaitheoirí tosaigh an tionscadail trí-chéim le bogadh isteach ina dtithe nua sna seachtainí atá romhainn.
Tá na 17 teach ina gcuid d’fhorbairt 61 aonad Garraí na Gaoithe, rud a léiríonn an chéad tionscadal tithíochta lándéanta i gContae na Gaillimhe chun tithíocht inacmhainne a ionchorprú faoin bpolasaí ‘Tithíocht do Chách’ de chuid an Rialtais.
Dúirt an tAire Cummins, “Is iontach an rud é na tithe inacmhainne seo a sholáthar i mBaile Chláir agus ba mhór an spreagadh dom a chloisteáil faoi phleananna Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun tuilleadh scéimeanna a sholáthar go luath amach anseo. I ndeireadh na dála, baineann sé le soláthar tithíochta ar an talamh agus chuir mé béim láidir air seo don fhoireann feidhmiúcháin.
“Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag tacú le húdaráis áitiúla i nGaillimh agus ar fud na tíre chun tionacht mheasctha tithíochta amhail an ceann seo a sheachadadh i mBaile Chláir, rud a chruthóidh roghanna do dhaoine, bíodh siad inacmhainne, sóisialta nó príobháideach.
“Ba mhaith liom chuile duine a bhfuil baint acu leis an tionscadal tithíochta seo a mholadh agus ba mhaith liom dea-shláinte agus sonas a ghuí ar na cónaitheoirí a bhogfaidh isteach sna haonaid seo go luath ina dtithe nua,” a dúirt an tAire Cummins.
Dheimhnigh Liam Connelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, go raibh 174 iarratas curtha isteach roimh spriocdháta an 17 Márta le haghaidh na 44 teach atá ar díol ag an gComhairle i gCéim 2 agus 3 d’fhorbairt Garraí na Gaoithe.
“Cuireadh an-suim i ngach céim d’fhorbairt Garraí na Gaoithe nuair a cuireadh ar díol iad,” a dúirt sé. “Beimid ag fógairt go luath pleananna d’fhorbairt tithíochta inacmhainne arna dtógáil ag an údarás áitiúil i mBaile Átha an Rí mar chuid dár dtiomantas d’fhorbairtí inbhuanaithe a thacaíonn le teaghlaigh a chruthú atá suite gar do thaitneamhachtaí áitiúla agus a chuideoidh le saol nua a instealladh sna pobail ina bhfuil siad lonnaithe.”
Dúirt Michael Owens, Stiúrthóir Tithíochta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, “Agus é curtha ar fáil mar thionscnamh lándéanta faoin straitéis ‘Tithíocht do Chách’ de chuid an Rialtais, cuireann tionscadal Garraí na Gaoithe i mBaile Chláir béim ar ár dtiomantas chun tithe ardchaighdeáin, inbhuanaithe a chruthú dár bpobail. Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh na chéad chónaitheoirí sna seachtainí atá romhainn agus bímid tiomanta i gcónaí aghaidh a thabhairt ar riachtanais tithíochta Chontae na Gaillimhe.”
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte