44 teach nua inacmhainne á bhfógairt ag Comhairle Chontae na Gaillimh
Máirt, 29 Aib 2025 16:29:00 BST
Tá pleananna fógartha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe 44 teach nua inacmhainne a sholáthar i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Shínigh an tÚdarás Áitiúil inniu (Dé Luain, an 28 Aibreán 2025) conarthaí le Studio PKA (Paul Keogh Architects) chun na scéimeanna tithíochta a dhearadh.
Tá na haonaid inacmhainne molta faoin gclár ‘Tithíocht do Chách’ de chuid an Rialtais agus áirítear leo 28 teach sa Ráithín agus 16 teach ag Páirc na hAbhainn.
Dúirt an Comhairleoir Martina Kinane, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, “Is iontach an scéal é fógairt na scéimeanna seo do Chontae na Gaillimhe agus cuirfidh sé leis an soláthar leanúnach d’fhorbairt tithíochta 61-aonad Gharraí na Gaoithe i mBaile Chláir. Cabhróidh na tithe molta le freastal ar an éileamh méadaithe ar thithíocht inacmhainne sa chontae le blianta beaga anuas.”
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Le tacaíocht ó Chomhaltaí Tofa, tá lúcháir orainn an chéim shuntasach seo a ghlacadh i dtreo na scéimeanna tithíochta inacmhainne seo a sholáthar, agus 44 teach beartaithe do Pháirc na hAbhainn agus don Ráithín. Trí chomhpháirtíocht le Studio PKA, táimid tiomanta do thithíocht inrochtana d’ardchaighdeán a chruthú dár bpobal, leis an bpleanáil le dul chun cinn an fómhar seo agus déanfar tairiscintí le haghaidh tógála a fhógairt go déanach in 2025.”
Dúirt Michael Owens, an Stiúrthóir Tithíochta, go bhfuil rannpháirtíocht mhéadaithe idir údaráis áitiúla, forbróirí, pleanálaithe agus príomhpháirtithe leasmhara eile mar thoradh ar an méadú a bhfuiltear ag súil leis sa todhchaí ar an éileamh ar thithíocht inacmhainne i nGaillimh.
“I gcomhar le comhghleacaithe i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, táimid i dteagmháil le príomhpháirtithe leasmhara chun deiseanna nua a fhiosrú chun méid na tithíochta inacmhainne i nGaillimh a mhéadú,” a dúirt sé. “Cabhróidh forbairtí amhail iadsan i mBaile Átha an Rí agus i mBaile Chláir le dul i ngleic leis an nganntanas tithíochta agus cuirfear beocht nua isteach i bpobail áitiúla freisin.”
Leanann ceapadh Studio PKA chun scéimeanna Bhaile Átha an Rí a dhearadh próiseas iomaíoch chun seirbhísí deartha comhtháite faoi stiúir ailtire a fháil chun forbairtí cónaithe sóisialta agus inacmhainne agus scéimeanna fearainn phoiblí a sholáthar do thionscadail ar mó é ná €3 mhilliún don tréimhse 2024 go 2028.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte