Casann an tAire Browne an chéad fhód ar scéim tithíochta €23.6 milliún
Déar, 16 DFómh 2025 10:06:00 BST
Casann an tAire Browne an chéad fhód ar scéim tithíochta €23.6 milliún i gContae na Gaillimhe
Osclaíonn an tAire dhá fhorbairt tithíochta eile agus tugann sé cuairt ar thionscadail bhonneagair sa cheantar

Chas James Browne, T.D., Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an chéad fhód go hoifigiúil ar fhorbairt tithíochta il-úinéireachta ar luach €23.6 milliún i mBaile Chláir (Claregalway), Contae na Gaillimhe.
Tá an scéim seo, a bhfuil 88 aonad inti, á cur chun cinn ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, le tacaíocht de €12 mhilliún ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is í seo an chéad scéim comhúinéireachta faoi stiúir na Comhairle sa chontae. Beidh meascán d’aonaid shóisialta agus inacmhainne mar chuid den fhorbairt, chomh maith le naíolann, spásanna glasa tírdhreachtaithe, clós súgartha pobail ar Bhóthar Radharc an Locha, agus áiseanna pobail eile. Cuireadh tús leis na hoibreacha tógála an tseachtain seo agus tá sé i gceist go gcríochnófar iad faoi Mheán Fómhair 2026.
Le linn a chuairte ar an nGaillimh inniu, d’oscail an tAire Browne dhá fhorbairt tithíochta eile in Ard Raithin agus i dTuaim, agus thug sé cuairt ar thionscadail bhonneagair phobail agus iompair i dTuaim agus in Órán Mór.
I nArd Raithin, d’oscail an tAire scéim tithíochta sóisialta 10 n-aonad go hoifigiúil ag Caisleán Raithin, maoinithe le €3.3 mhilliún ó Chlár Infheistíochta Tithíochta Sóisialta na Roinne (SHIP). Is forbairt faoi stiúir na Comhairle í, laistigh de shiúlóid ó lár an bhaile, ina bhfuil meascán de thithe aonstórais agus dhá stór, deartha ag OBFA Architects agus tógtha ag Jada Construction. Thug an tAire na heochracha do na tionóntaí nua inniu.
I dTuaim, d’oscail an tAire an fhorbairt tithíochta sóisialta Páirc na Cille go hoifigiúil ina bhfuil 29 aonad, tionscadal eile de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar Bhóthar an Weir. Críochnaíodh an fhorbairt ag deireadh 2024 agus fuair sí maoiniú de €8.1 milliún ó Chlár SHIP na Roinne. Tá raon de thithe aon-, dhá-, trí- agus ceithre sheomra codlata san fhorbairt, chomh maith le haonad cúraim faoi chosaint a bheidh á bhainistiú ag Ability West chun cúram 24 uair an chloig a chur ar fáil do dhaoine ina dtithe féin. Tá rátáil fuinnimh A2 ag gach teach, agus tá siad suite gar do scoileanna, do shiopaí, do sheirbhísí sláinte agus d’iompair phoiblí.
Thug an tAire Browne cuairt freisin ar Theach Stáisiúin Thuaim, atá á athfhorbairt ag an údarás áitiúil mar mhol fiontraíochta le maoiniú €6.66 milliún ó Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair trí Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa. Beidh spásanna oibre aonair, stiúideo podchraolta, caifé agus spás pobail ilfheidhmeach san áis seo atá faoi stiúir na Comhairle.
Rinne an tAire iniúchadh freisin ar na hoibreacha atá ar bun ag stáisiún traenach Óráin Mhóir, áit a bhfuil íosbhealach coisithe agus rothaíochta nua á shuiteáil faoi láthair. Cuirfidh sé seo rochtain ar fáil ar ardán nua a thosófar ar a thógáil go luath in 2026. Beidh lúb pasála dinimiciúil de chiliméadar amháin á tógáil freisin a mhéadóidh minicíocht na dtraenacha go suntasach i dtreo amháin agus sa treo eile. Tá an tionscadal seo á stiúradh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, le tacaíocht de bheagnach €10 milliún ón gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (URDF) de chuid na Roinne, agus ón Roinn Iompair.
Ag labhairt dó i mBaile Chláir, dúirt an tAire Browne: Is léiriú soiléir iad na tionscadail seo ar an tacaíocht ghníomhach a bhfuil an Rialtas seo ag tabhairt d’údaráis áitiúla ar nós Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus iad ag cur clár cuimsitheach infheistíochta chun cinn i réimsí na tithíochta, an iompair agus na bonneagair pobail. Tá an obair seo ag athrú áiteanna áitiúla agus ag leagan bunús do phobail bhríomhara, inbhuanaithe.”
“Tuigimid go hiomlán nach leor tithe nua a sholáthar — caithfear bonneagar riachtanach a chur ar fáil freisin: molla fiontraíochta, naisc iompair agus áiseanna pobail. Nuair a fhaigheann daoine agus teaghlaigh eochracha a dtithe nua, teastaíonn uathu níos mó ná díon — teastaíonn naisc iompair, deiseanna fostaíochta agus áiseanna áitiúla chun pobail inmharthana, bhríomhara a chruthú.
“Ó fhorbairtí tithíochta inacmhainne agus sóisialta go dtí na hoibreacha uasghrádaithe riachtanacha ag stáisiúin traenach Thuaim agus Óráin Mhóir, léiríonn na tionscadail seo ár dtiomantas d’fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Táim bródúil as a bheith in ann an tionchar dearfach atá ag an infheistíocht seo ar phobail na Gaillimhe agus níos faide i gcéin a fheiceáil ar an láthair” a dúirt an tAire.
Dúirt an Comhairleoir David Collins, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Freagraíonn forbairt Bhaile Chláir don éileamh láidir tithíochta sa bhaile agus sa cheantar mórthimpeall. Le háiseanna atá dírithe ar theaghlaigh agus spásanna oscailte inrochtana, cruthóidh an scéim timpeallacht fáilteach do chónaitheoirí.”
Dar le Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur clár leathan infheistíochta i bhfeidhm i réimsí na tithíochta, an iompair agus na bonneagair pobail atá ag athrú ár gceantair áitiúla. Ó thithe nua go molla fiontraíochta agus iompair, léiríonn na tionscadail seo ár dtiomantas d’fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach.”
“Bhí áthas orainn fáilte a chur roimh an Aire Browne go dtí an contae agus an scála agus an raon leathan gníomhaíochtaí atá ar siúl faoi láthair a léiriú dó ar an láthair,” a dúirt an tUasal Conneally. “Is fianaise í seo ar dhíograis ár bhfoirne agus ar neart ár gcomhpháirtíochtaí leis an Rialtas agus le páirtithe leasmhara áitiúla go bhfuil na tionscadail ríthábhachtacha seo á gcur i gcrích.”
Ag trácht ar an bhforbairt nua tithíochta atá faoi thógáil i mBaile Chláir, dúirt Damien Mitchell, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Chontae na Gaillimhe, “Suite laistigh de 10 gciliméadar ó Chathair na Gaillimhe, tá forbairt Bhaile Chláir i gceantar an-tarraingteach, le scoileanna agus seirbhísí riachtanacha gar don láthair. Mar chuid de cheantar MASP na Gaillimhe agus laistigh den Ghaeltacht, coinneofar roinnt aonad dóibh siúd a thacaíonn leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach. Cuirfidh críochnú na scéime tithe ardchaighdeáin inacmhainne agus riachtanacha ar fáil don phobal.”
Pictiúr de ag oscailt go hoifigiúil na forbartha tithíochta sóisialta Páirc na Cille, ina bhfuil 29 aonad, i dTuaim, Contae na Gaillimhe (ó chlé go deas) James Browne T.D., Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe; An tAire Stáit Seán Canney T.D.; Damien Mitchell, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Chontae na Gaillimhe; agus an Comhairleoir David Collins, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Grianghraf Andrew Downes / XPOSURE.
Tá Úna Jordan (sa lár) agus Kristy Verenga (ar dheis) sa ghrianghraf agus iad ag fáil eochracha a dtithe nua ó James Browne, T.D., Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ag an scéim nua 10 n-aonad tithíochta sóisialta ag Caisleán Raithin in Ard Raithin. Sa ghrianghraf freisin (ó chlé go deas) an Seanadóir Anne Rabbitte; An tAire Stáit Seán Canney T.D.; An Seanadóir Shane Curley; Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe; agus an Comhairleoir Martina Kinane. Grianghraf Andrew Downes / XPOSURE.
James Browne, T.D., Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, sa ghrianghraf ag Teach Stáisiúin Thuaim, atá á athfhorbairt mar mhol fiontraíochta. Grianghraf Andrew Downes / XPOSURE.
James Browne, T.D., Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (an dara duine ón taobh deas), sa ghrianghraf ag Teach Stáisiúin Thuaim, atá á athfhorbairt mar mhol fiontraíochta. Sa ghrianghraf freisin tá Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe; An Comhairleoir David Collins, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe; agus an tAire Stáit Seán Canney T.D. Grianghraf Andrew Downes / XPOSURE.
James Browne, T.D., Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (an tríú duine ón taobh deas), sa ghrianghraf ag oscailt go hoifigiúil na forbartha tithíochta sóisialta Páirc na Cille, ina bhfuil 29 aonad, i dTuaim, Contae na Gaillimhe, in éineacht le cónaitheoirí, oifigigh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhaltaí Tofa. Grianghraf Andrew Downes / XPOSURE.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte