Do Chearta ar Fhaisnéis
- Naisc ábhartha eile
- Eolas ar do Chomhairle
- Cosaint Sonraí
- Vótáil - Clár na dToghthóirí
- Oifigí Ceantair
- Oifigigh Phoiblí Shainithe faoin Acht 2015
- Na Comhairleoirí
- Eolas ar do Chomhairle
- Seirbhís Custaiméara
- Doiciméid Corparáideacha
- Cláir agus Miontuairiscí
- Tinreamh & Íocaíochtaí na gComhaltaí
- Baill Choistí Polasaí Straitéiseach & Miontuairis
- Comhchoiste Póilíneachta
- Nochtuithe Cosanta
- Scéim Foilseacháin SF
- Airgeadais
- Fodhlíthe maidir
- Do Chearta ar Fhaisnéis
- Deich mBliana na gCuimhneachán 2013 - 2023
- Eitic
Saoráil Faisnéise
Dearbhaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise cearta an phobail rochtain a fháil chuig eolas oifigiúil don mhéid is mó gur féidir i gcomhsheasmhacht leis an leasa poiblí agus ceart príobháideachais daoine aonair.
Tá an ceart agat ar:
Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain chuig eolas nach mbeadh ar fáil go poiblí ar slí eile.
- rochtain chuig na taifid seo leanas atá ar láimh ag nó faoi smacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe mura bhfuil díolúine ag na taifid sin faoin Acht.
- gach taifead a cruthaíodh i ndiaidh don Acht seo teacht i bhfeidhm i. 21 Deireadh Fómhair 1998
- aon taifead a cruthaíodh roimh an dáta sin má tá sé riachtanach leis na taifid a cruthaíodh i ndiaidh don Acht teacht i bhfeidhm a thuiscint.
- taifid phearsanta is cuma cén uair a cruthaíodh iad.
- i gcás ball foirne, taifid phearsanra a cruthaíodh ó dháta 3 bliana sular tháinig an tAcht i bhfeidhm.
- rochtain chuig cúiseanna maidir le cinntí a rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe agus a bhain leat féin go díreach
- féachaint le heolas pearsanta maidir leat féin, atá i seilbh Chomhairle Chontae na Gaillimhe, a cheartú nuair a bhíonn sé míchruinn, easnamhach, nó míthreorach.
An chaoi le eolas a fháil faoin acht um shaoráil faisnéis
Ba cheart iarratais ar eolas faoin Acht seo a sheoladh chuig:
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Comhairle Chontae na Gaillimhe,
Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc,
Gaillimh.
Fón: (091) 509000
Facs: (091) 509010
Rphost: foi@galwaycoco.ie
Ba cheart don iarratas a bheith déanta ar an bhfoirm iarratais Saoráil Faisnéise más féidir. San áit a ndéantar iarratais gan an fhoirm iarratais Saoráil Faisnéise a úsáid ba cheart a luaigh go bhfuil an teolas dhá chuardach faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Foirm Iarratais ar Shaoráil Faisnéise
Más mian leat an t-eolas a fháil i bhformáid áirithe, e.g. Fótachóip, leagan leictreonach, srl., ba chóir duit sin a chur in iúl i d’iarratas.
Tabhair an oiread sonraí agus is féidir le cur ar chumas na Comhairle na taifid atá rochtain uait orthu a aithint.
Má théann sé crua ort na taifid go díreach atá uait a aithint, beidh an Chomhairle sásta cabhrú leat le d’iarratas a réiteach.
Caithfidh an Comhairle admháil a chur chugat ar d’iarratas taobh istigh de choicís ó fhaightear é agus cinneadh a dhéanamh ar d’iarratas laistigh de cheithre seachtainí ón lá ó fhaightear é ach amháin má bhaineann an t-iarratas leis an oiread sin taifid nach mbeadh sé réasúnta é go bhféadfaí é a chomhlíonadh laistigh den tréimhse ama sin, agus sa chás sin is féidir síneadh ama de cheithre seachtainí breise a cheadú. Caithfear eolas a chur chugat faoin tréimhse bhreise atá de dhíth agus na cúiseanna a ghabhann leis.
Táillí
Ní bheidh aon táille tosaigh ann.
B’fhéidir go mbeadh roinnt cúinsí ann ina ngearrfar táille ort maidir le taifid a aimsiú agus a tharraingt le chéile, costas doiciméid a fhótachóipeáil agus postas (más mian leat go gcuirfí taifid phriontáilte chugat) d’iarratais ar eolas neamhphearsanta.
Más lú nó más ionann an costas aimsithe, tarraingt le chéile agus cóipeála ná €101, ní ghearrfar aon táille. Más mó an táille ná €101, beidh táillí iomlána i bhfeidhm. Is í an táille is mó a ghearrfar ar iarratas ná €500.
Más mó an costas measta ar aimsiú, tarraingt le chéile agus cóipeáil ná €700, is féidir leis an gcomhlacht poiblí diúltiú de d’iarratas a phróiseáíl, mura mbeachtaíonn tú d’iarratas leis an táille aimsithe, tarraingt le chéile agus cóipeála a thabhairt faoin teorainn seo.
Tá na táillí seo a leanas socraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe:
Aimsiú agus Tarraingt le chéile na dTaifead €20 in aghaidh na huaire
Fóta chóipeáil 4 cent ar gach leathanach
Ceart Athbhreithnithe & Achomhairc
Leagann an tAcht um Shaoráil Faisnéise amach na gnásanna achomhairc sa chás go ndiúltaítear iarratas, nó maidir le rochtain a chur ar athlá, táillí, cineál rochtana srl.. Seo a leanas sonraí faoi na gnásanna achomhairc seo:
Athbhreithniú Inmheánach:
Is féidir leat athbhreithniú inmheánach den chéad chinneadh a chuardach, agus is oifigeach den Chomhairle ag leibhéal níos sinsearaí a dhéanfaidh seo má:
- tá tú míshásta leis an chéad fhreagra a fuarthas i. diúltú eolais, cineál rochtana, táillí srl., nó
- mura bhfuair tú freagra taobh istigh de cheithre seachtaine ón chéad iarratas a rinne tú. Pléitear leis seo mar a phléitear le diúltú agus tugann sé cead duit dul ar aghaidh chuig Athbhreithniú Inmheánach.
Ba chóir iarratais ar Athbhreithniú Inmheánach a chur isteach taobh istigh de cheithre seachtaine ón chéad chinneadh i scríbhinn chuig:
An Rúnaí Contae,
Comhairle Chontae na Gaillimhe,
Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc,
Gaillimhe
Fón: (091) 509000
Facs: (091) 509010
Rphost: foi@galwaycoco.ie
Caithfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an t-athbhreithniú a chríochnú laistigh de thrí seachtaine. Go hiondúil caithfear athbhreithniú inmheánach a chríochnú sula ndéantar aon achomharc chuig an Choimisinéir Faisnéise.
Athbhreithniú an Choimisinéara Faisnéise:
Is féidir leat athbhreithniú neamhspleách a lorg ón Choimisinéir Faisnéise má:
- tá tú míshásta leis an chinneadh, i ndiaidh an athbhreithnithe inmheánaigh; nó,
- mura bhfuil freagra faighte agat ar d’iarratas ar athbhreithniú Inmheánach laistigh de thrí seachtaine ó d’iarratas. Pléitear leis seo mar a phléitear le diúltú agus is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir.
Is féidir achomhairc i scríbhinn a dhéanamh go díreach leis an Choimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Seoladh: 18 Sráid Chill Mochargán Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Fón: 01 6785222
Facs: 01 6610570
Rphost: info@oic.gov.ie
RÚNDACHT
Tiomnaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe aon eolas a sholáthraítear di ó dhaoine aonair nó eile a choinneáil ar bhunús rúndachta, de réir dualgais na Comhairle faoin dlí ag áireamh an tAcht um Shaoráil Faisnéise. Más mian, ar fáth ar bith, nach nochtfaidh eolas a sholáthraítear don Chomhairle Contae de bharr nádúr goilliúnach an eolais, sa gcás sin tá sé de dhualgas ar an duine nó comhlacht an mian seo a shoiléiriú nuair atá an teolas dhá sholáthar agus na fáthanna do ghoilliúnacht an eolais a shonrú.
Rochtain ar fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (AIE)
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte