Lá Náisiúnta Súgartha 2021
- Naisc ábhartha eile
- Contae Sláintiúil na Gaillimhe
- Clár Aois-Bhách na Gaillimhe
- Eolas faoi Chuimsiú Sóisialta
- Lánpháirtíocht
- LGBTI+
- Seachtain um Chuimsiú Sóisialta
- Staitisticí náisiúnta agus staitisticí
- Lucht Siúil
- Naisc Úsáideacha
- An Óige
- Aláram Deataigh
- Lá Náisiúnta Súgartha 2021
Beidh Lá Náisiúnta Súgartha na bliana 2021 ar siúl ón 3 Iúil go dtí an 10 Iúil (an dá lá sin san áireamh)
Pobail Spraíúla téama Lá Náisiúnta Súgartha na bliana 2021
Is é aidhm Lá Náisiúnta Súgartha deiseanna súgartha (agus caithimh aimsire) a chur chun cinn do leanaí agus do dhaoine óga ar fud na tíre.
Tríd an tionscnamh seo, arna mhaoiniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, tá Comhairle Chontae na
Gaillimhe ag cur tacaíocht ar fáil do phobail áitiúla clár gníomhaíochta a chur ar fáil chun tacú leis an Lá Náisiúnta Súgartha i gContae na Gaillimhe.
Beidh an Lá Náisiúnta Súgartha ar siúl i gContae na Gaillimhe ar an 4 Iúil agus beidh go leor imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine.
Níl sa Lá Náisiúnta Súgartha ach gné amháin den fheachtas níos leithne Samhradh den Súgradh; feachtas arna threorú ag an rialtas atá leagtha
amach chun a chur i gcuimhne do dhaoine, idir shean agus óg, an tábhacht bunúsach a bhaineann le súgradh. Beidh tuilleadh sonraí ar an tionscnamh níos leithne seo ar fáil ag Let's Play Ireland
Liosta de na himeachtaí a bheidh ar siúl i gContae na Gaillimhe
Ní mór do gach imeacht na treoirlínte maidir le scaradh sóisialta a bheidh i bhfeidhm tráth na himeachta a chomhlíonadh.
Téigh chuig https://www.gov.ie/en/campaigns/c36c85-covid-19-coronavirus/ chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Liosta de na himeachtaí a bheidh ar siúl i gContae na Gaillimhe
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte