Gradaim Pobail an Chathaoirligh
- Naisc ábhartha eile
- Gradaim Pobail an Chathaoirligh
- Mórtas Ceantair
Tionscnamh bliantúil iad Gradaim an Chathaoirligh chun aitheantas a thabhairt do dhúthracht daoine aonair agus grúpaí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí pobail agus saorálaíochta gan íocaíocht agus don tionchar suntasach a bhíonn ag an méid a dhéanann siad ar chaighdeán saoil na ndaoine ina bpobail féin.
Thar ceann Chomhairle Chontae na Gaillimhe, tá ríméad orm Gradaim an Chathaoirligh 2022 a fhógairt. Tá méid ollmhór de gníomhaíocht sa phobal agus gníomhaíocht dheonach faoi bhláth i gContae na Gaillimhe agus tá sé tábhachtach go dtugtar aitheantas don mhéid seo agus go moltar é. Tionscnamh bliantúil iad Gradaim an Chathaoirligh chun aitheantas a thabhairt do dhúthracht daoine aonair agus grúpaí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí pobail agus saorálaíochta gan íocaíocht agus don tionchar suntasach a bhíonn ag an méid a dhéanann siad ar chaighdeán saoil na ndaoine ina bpobail féin. Tá mé ríméadach go bhfuil mé ag obair leis an gComhairle agus an Líonra Rannpháirtíochta Phoiblí ar na Gradaim seo agus tá mé ag tnúth leis na buaiteoirí a fhógairt in am trátha.
An Comh. Peter Keaveney Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe
Fáilteofar roimh ainmniúcháin faoi na catagóirí a leanas ag:
1. Gradam d'Oibrí Deonach na Bliana - Tugtar aitheantas sa chatagóir seo don obair ollmhór a rinne oibrí deonach aonair ar a bpobal áitiúil. Tá daoine aonair i ngach pobal nach dtuirseodh an saol iad, lán d'fhuinneamh agus díograis, daoine a néiríonn leo rudaí a dhéanamh - mar sin, ainmnigh na laochra neamhaitheanta sin, na daoine a spreagann, a thacaíonn, a threoraíonn agus a ghríosaíonn daoine eile i do phobal.
2. Gradam Ealaíon agus Cultúir - Sa gcatagóir seo, tugtar aitheantas don obair atá déanta ag grúpaí chun cúrsaí ealaíon agus cultúir a spreagadh agus a chur chun cinn ina bpobal.
3. Gradam Foilseacháin Oidhreachta - Sa gcatagóir seo, tugtar aitheantas do na hiarrachtaí atá déanta ag grúpaí pobail chun taighde a dhéanamh ar oidhreacht a gceantair, chun í a thaifead agus chun í a chur chun cinn.
4. Gradam don Rannchuidiú is Fearr sa Ghaeilge - Sa gcatagóir seo, tugtar aitheantas d’iarrachtaí grúpaí pobail laistigh agus scoileanna don Ghaeltacht caomhnú, cur chun cinn nó méadú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.
5. Gradam Comhshaoil agus don athrú aeráide - Tugtar aitheantas sa gcatagóir seo do ghrúpaí nó scoileanna a d'oibrigh sna phobal chun an timpeallacht thart orthu a fheabhsú nó chun an tionchar a bhíonn acu ar an gcomhshaol a laghdú.
6. Gradam don Rannchuidiú is Fearr san Oidhreacht - Sa gcatagóir seo, tugtar aitheantas do na hiarrachtaí atá déanta ag grúpaí pobail nó scoileanna maidir le hoidhreacht a gceantair.
7. An Gradam um Ionchuimsiú Sóisialta - Tugtar aitheantas sa chatagóir seo do ghrúpaí nó áiseanna a thugann spreagadh do dhaoine sa phobal chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sóisialta agus pobail, go háirithe iadsan a d’fhéadfadh a bheith eisiata go sóisialta.
8. Gradam Spóirt - Sa gcatagóir seo, tugtar aitheantas do ghrúpaí nó scoileanna a dhírigh ar an líon daoine atá páirteach i spórt a mhéadú, go háirithe iad siúd a bhfuil rátaí ísle rannpháirtíochta acu.
Ní mór gach Foirm chun Ainmniúchán a Dhéanamh chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig awards@galwaycoco.ie. An Dáta Deiridh a nglacfar le Foirmeacha chun Ainmniúchán a Dhéanamh: Dé hAoine 6ú Bealtaine 2022.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte