Chosaint Sonraí
- Naisc ábhartha eile
- Forléargas
- Cúrsaí agus Acmhainní Ar Líne
- Leabharlanna Brainse
- An Leabharlann Taistil
- Stair Aitiúil Na Gaillimhe
- Taighde a Dhéanamh ar do Chraobh Ghinealaigh
- Chosaint Sonraí
- Ballraíocht a Ghlacadh sa Leabharlann
- Fógra tábhachtach do lucht úsáide na n-acmhainní a
Ráiteas Príobháideachais um Chosaint Sonraí Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe maidir leis an gComhchóras Náisiúnta Bainistíochta Leabharlann
Baineann an ráiteas seo lenar gcleachtais phríobháideachais maidir le láithreán gréasáin an Chomhchórais Náisiúnta Bainistíochta Leabharlann agus seirbhísí leabharlainne gaolmhara agus an leis an gcóras bainistíochta leabharlann. Níl Comhairle Chontae na Gaillimhe freagrach as an ábhar ná as an gcleachtas príobháideachais a bhíonn ag láithreáin ghréasáin eile. Bíonn aon nasc seachtrach chuig láithreáin ghréasáin eile sainaitheanta amhlaidh.
Slándáil
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe an-dáiríre faoi chúrsaí slándála agus tá bearta fisiciúla agus teicniúla iomchuí i bhfeidhm aici lena n-áirítear úsáid a bhaint as córas Rialaithe Rochtana Foirne le rialuithe iniúchta agus oiliúint agus feasacht foirne. Tá nósanna imeachta inmheánacha agus bacainní cosanta comhéadain ríomhaireachta againn chun do chuid faisnéise a choinneáil chomh slán agus chomh sábháilte agus is féidir. Ní féidir linn, áfach, príobháideachas nó rúndacht aon fhaisnéise, bíodh sí bainteach leatsa mar úsáideoir nó ná bíodh, a bhíonn ag dul thar an Idirlíon trí ríomhphost neamhchosanta, a dheimhniú.
Bailiú Sonraí Pearsanta Custaiméirí
Ionas gur féidir linn Seirbhís Leabharlainne agus seirbhísí Chóras Singil
Bainistíochta Leabharlann a sholáthar bailímid agus bainimid úsáid as na sonraí a bhaineann leatsa mar úsáideoir leabharlainne. Is í an fhaisnéis amháin a bhailímid ná faisnéis a roghnaíonn tú a sheoladh chugainn trí ríomhphost, faisnéis a sholáthraítear nuair a roghnaíonn tú a bheith i do bhall sa leabharlann nó faisnéis a thugtar nuair a bhíonn tú ag logáil isteach agus ag úsáid ár seirbhísí ar líne. Baintear úsáid as na sonraí sin chun cuntas úsáideora leabharlainne a bhainistiú agus a riar agus chun críocha oibríochta agus áirítear orthu:
- ainm
- seoladh
- bliain ar rugadh thú
- seoladh ríomhphoist:
- fón póca (roghnach)
Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a thugtar go deonach leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.
Ní roinnfimid do chuid sonraí le Leabharlanna Áitiúla Éireannacha eile ach amháin chun comhsheirbhísí leabharlainne agus Córas Singil Bainistíochta Leabharlann a chur ar fáil agus do tríú páirtithe iontaofa a chuireann tacaíocht ar fáil dúinn agus don Chóras Singil Bainistíochta Leabharlann agus chun sonraí a phróiseáil ar ár son i gcomhréir le comhaontuithe rúndachta comhroinnte sonraí iomchuí.
Ní dhéanfaimid teagmháil leat ach amháin i ndáil le leis an úsáid a bhaineann tú as an tseirbhís nó má tá sé curtha in iúl agat gur mian leat fógraí a fháil faoi imeachtaí nó cláir leabharlainne atá le teacht.
Ceart rochtana, ceartú nó scriosadh
Chun sonraí a fháil maidir le haon eolas maidir leat atá i seilbh Chomhairle Chontae na Gaillimhe ní le déanamh agat ach scríobh chuig:
Rialaitheoir Sonraí
Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
Ríomhphost: general@galwaycoco.ie
D'fhéadfá d'iarratas a scríobh mar seo a leanas:
Is mian liom iarratas rochtana a dhéanamh faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 cóip a fháil d'aon fhaisnéis atá coinnithe fúm, ar ríomhaire nó i bhfoirm láimhe.
Cuir isteach sonraí ar bith a d'fhéadfadh cabhrú linn do thaifid a aimsiú. Áirítear orthu siúd:
- Uimhir an chárta leabharlainne
- Aon fhaisnéis eile a d'fhéadfadh cabhrú linn do thaifid a aimsiú
- D'fhéadfaí táille €6.35 a ghearradh.
Tá sé de cheart agat chomh maith aon earráidí san fhaisnéis atá coinnithe fút a cheartú, úsáidí ar leith a bhlocáil nó cur i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta. Mí mór a leithéid de threoir a chur i scríbhinn. Déileálfar le d'iarratas chomh luath agus is féidir agus ní ghlacfaidh sé níos faide ná 40 lá é a phróiseáil.
Athruithe ar ár Ráiteas Príobháideachais
Má táimid chun ár ráiteas príobháideachais a athrú, cuirfimid na hathruithe suas ar an leathanach seo, ionas go mbeidh tú ar an eolas maidir leis an bhfaisnéis a bhailímid agus conas a bhainimid úsáid astu i gcónaí. Tabharfaidh úsáid leanúnach na seirbhíse le fios dúinn go gcomhaontaíonn tú le hathruithe dá leithéid.
Ag úsáid www.galwaylibrary.ie
Baineann an Ráiteas Príobháideachais um Chosaint Sonraí seo leis na seirbhísí arna soláthar ag Leabharlanna Poiblí Chomhairle Chontae na Gaillimhe trí Láithreán Gréasáin an Chomhchórais Náisiúnta Bainistíochta Leabharlann. Tá úsáid láithreán gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe á rialú ag Ráiteas Príobháideachais an láithreáin ghréasáin.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte