Achoimre
- Naisc ábhartha eile
- Achoimre
- Comhairliúchán Poiblí don Réamh Dhréacht
- Predraft submissions
- Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh
- Treoir ó Chomhaltaí Tofa
- Ullmhú Dhréachtphlean Forbartha an Chontae
Beidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tosú ag ullmhú an Phlean Forbartha Contae 2022-2028 an 18 Meitheamh 2020. Ní mór an Plean sin a bheith tugtha chun críche laistigh de dhá bhliain, faoi Bhealtaine na bliana 2022.
Tá ullmhú Phlean Forbartha Contae na Gaillimhe agus an t-athbhreithniú air ar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá ag an gComhairle. Sa Phlean Forbartha Contae nua, leagfar amach an straitéis i leith phleanáil agus forbairt inbhuanaithe Chontae na Gaillimhe go 2028 agus níos faide anonn. Tá an Plean Forbartha Contae á athbhreithniú tráth a bhfuil athruithe móra ag tarlú sa réigiún seo, sa tír agus ar domhan.
Ní mór riachtanais dhaonra na Gaillimhe a mheas sa phróiseas athbhreithnithe sin trí phobail inbhuanaithe a chothú, rud a dhéanfar ach tithíocht a chur ar fáil, poist a chruthú, fiontair a chur chun cinn. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an oiread daoine agus grúpaí agus is féidir páirteach sa phróiseas seo, ionas go léireofar sa Phlean Forbartha Contae críochnaitheach cúiseanna imní agus mianta an phobail, agus aird á tabhairt freisin ar bheartais agus treoirlínte náisiúnta agus réigiúnacha.
Tá an chéim Réamhdhréachta de phróiseas Athbhreithnithe an Phlean Forbartha Contae comhdhéanta de cheithre chéim:
- Comhairliúchán Poiblí don Réamh-Dhréacht - glacfar le haighneachtaí ó bhaill an phobail agus ó gheallsealbhóirí forordaithe.
- Tuarascáil ón bPríomhfheidhmeannach ar an gComhairliúchán a ullmhú - ullmhóidh an Príomhfheidhmeannach tuarascáil ar aon aighneachtaí a gheofar le linn na tréimhse seo agus cuirfidh sé an tuarascáil seo faoi bhráid na gComhaltaí Tofa lena breithniú.
- Treoracha ó Chomhaltaí ar an Dréachtphlean - Féadfaidh na Comhaltaí treoracha a eisiúint chuig an bPríomhfheidhmeannach maidir le hullmhú an Dréachtphlean Forbartha.
- Tosófar ansin ag ullmhú Dréachtphlean Forbartha an Chontae 2022-2028.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte