An cosc ar ghual toiteach
- Naisc ábhartha eile
- Uaslagoir treoir
- An treoir maidir le tuaslagóirí
- An cosc ar ghual toiteach
Tá cosc ar ‘gual toiteach’ a dhíol agus a dhó i gcodanna áirithe den tír, go sonrach i mbailte móra agus i gcathracha. Rinneadh na rialacháin a bhaineann leis an ‘gcosc ar ghual toiteach’ a leasú sa bhliain 2012. Leathnaíodh an limistéar ina raibh an cosc i bhfeidhm agus baineann an cosc anois le codanna den chontae atá gar do Chathair na Gaillimhe.
Rinneadh an cosc ar mhargadh, ar dhíol agus ar dháileadh breosla bhiotúmanaigh (‘an cosc ar ghual toiteach’) a thabhairt isteach den chéad uair sa bhliain 1990 i mBaile Átha Cliath mar thoradh ar dhiantréimhsí toitcheo geimhridh a lean as úsáid fhorleathan guail thoitigh chun tithe a théamh. De réir an taighde atá déanta, tar éis an cosc a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath tháinig laghdú os cionn 350 ar líon na mbásanna bliantúla. Measadh gurbh ionann na tairbhí sin, i dtéarmaí airgid, agus suim os cionn 20 milliún euro. Rinneadh tairbhí breise a leanann as na rialacháin a shainaithint freisin trí spreagadh a thabhairt do theaghlaigh éirí as breoslaí soladacha a úsáid, ar breoslaí iad nach bhfuil chomh héifeachtúil sin agus ar mó an truailliú a dhéanann siad, agus gás agus ola a úsáid ina n-ionad mar go bhfuil siad níos éifeachtúla agus nach ndéanann siad an oiread céanna truaillithe. Measadh gurbh ionann an laghdú gaolmhar ar chostais bhreosla i gcás tomhaltóirí agus 184 milliún euro sa bhliain.
Mar chomhlánú ar an gcosc ar mhargadh, ar dhíol agus ar dháileadh, tá feidhm ag cosc ar dhó guail thoitigh agus breoslaí toirmiscthe eile anois i ngach limistéar atá sonraithe mar limistéar coiscthe guail thoitigh. Tá raon táirgí nuálacha breosla sholadaigh gan toit ar fáil ar an margadh, lena n-airítear táirgí guail gan toit. Tá breosla soladach gan toit níos glaine agus, chomh maith leis sin, tá sé níos éifeachtúla ó thaobh carbóin agus téimh de agus is féidir tairbhí aeráide a bhaint amach trína úsáid chomh maith le tairbhí a bhaineann le cáilíocht fheabhsaithe aeir agus sláinte daoine. Faoi na Rialacháin, ní mór gach táirge breosla sholadaigh gan toit a bheith lipéadaithe go soiléir mar ”BREOSLA GAN TOIT” . Ligeann sé sin do dhaoine rogha eolasach a dhéanamh maidir leis na táirgí a cheannaíonn siad.
Is ceart gearáin maidir le margú, díol agus dáileadh breoslaí toirmiscthe nó maidir le hastaíochtaí toiteacha a éiríonn as breoslaí toirmiscthe a úsáid i limistéir atá sonraithe mar limistéir choiscthe guail thoitigh a thuairisciú don Rannóg Comhshaoil ag (091) 476402 nó a sheoladh chuig environ@galwaycoco.ie.
Tá léarscáil de na limistéir lena mbaineann ar fáil ag an nasc thíos:
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte