Bailiú Dramhaíl Tí
- Naisc ábhartha eile
- Bailiú Dramhaíl Tí
- Dó sa Chlós Cúil agus Tinte Cnámh
- Bailitheoirí Dramhaíola Bréagacha
- Bainc Athchúrsála
- Feithiclí ag Deireadh a Saoil
- Dramhaíl Phlaistigh Feirme
- Dramhaíl Bia
- Cairt na hÉireann um Chur Amú Bia
- Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú
- Tobhach maidir le Málaí Plaisteacha
- Fóntas Poiblí
- Rialú Bailitheoirí agus Áiseanna Dramhaíola
- CEALLRAÍ DRAMHAÍOLA
- Na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola, 2019
- Cosc Dramhaíl
- DIÚSCAIRT DRAMHTHREALAMH LEICTREACH
- Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
- Plean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnach 2015-21
- Múiríniú
- Athchúrsáil
- Repairmystuff.ie
- Troscáin Agus Diúscairt Dramhaíola Téagartha
- Treoir do gharáistí cliste
NUASHONRUITHE NOLLAIG 2023
Ciallaíonn reachtaíocht nua, a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Eanáir 2024, go mbeidh gach sealbhóir tí in Éirinn i dteideal seirbhís bailithe athchúrsála araidí donna óna bhailitheoir dramhaíola.
Féach mywaste.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
CÉARD A THÉANN ....
SA BHOSCA ATHCHÚRSÁLA
- Téann pacáistíocht phlaisteach, páipéar, cairtchlár agus cannaí sa bhosca athchúrsála ach iad ar fad a bheith glan, tirim agus scaoilte.
CÉARD A THÉANN ....
SA BHOSCA BRUSCAIR
- Pacáistíocht atá salach nó truaillithe
- Luaith fhuaraithe i mála
- Dramhaíl sláintíochta
- Maisc
- Miotóga
- Clúidíní
- Earraí ceirmeacha
(Ná Cuir péint, cannaí péinte, ábhar guaiseach, ábhar in-athchúrsáilte, bróga, teicstílí glana, cadhnraí, dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, gloine, ola, cannaí ola, smionagar, steallairí, bolgáin solais a spárálann fuinneamh, ná earraí troma miotail sa bhosca seo).
Tuilleadh Eolais Bosca Bruscar
CÉARD A THÉANN ....
SA BHOSCA ATHCHÚRSÁLA DRAMHAÍOLA BIA (DONN)
- Dramhaíl bhia atá cócaráilte nó amh
- Scríobóga ó phlátaí
- Cnámha
- Caife meilte
- Málaí tae
- Torthaí agus glasraí
- Pacáistíocht inmhúirínithe
- Duilliúr agus bláthanna
- Tuáillí agus naipcíní páipéir
(Ná Cuir pacáistíocht neamh-inmhúirínithe, ábhar in-athchúrsáilte, gloine, plaisteach, dramhaíl leighis, ná dramhaíl ghuaiseach sa bhosca seo).
Tuilleadh Eolais Bosca Donn - Dramhaíl Bia
Téigh chuig www.mywaste.ie nó déan teagmháil le do chonraitheoir dramhaíola má bhíonn aon cheisteanna agat.
Déanann oibreoirí earnála príobháidí an tseirbhís bailithe dramhaíola tí a sholáthar i gContae na Gaillimhe. Déanann cuideachtaí éagsúla seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthar in áiteanna éagsúla ar fud an chontae. Is ceart do thomhaltóirí teagmháil a dhéanamh leis na soláthróirí seirbhíse sin chun mionsonraí a fháil faoi sheirbhísí agus faoi chostais.
Clár na mBailitheoirí Dramhaíola Teaghlaigh Údaraithe i gContae na Gaillimhe
Féach ar mywaste.ie chun sonraí bailitheoirí dramhaíola i gCo. na Gaillimhe a fháil.
Sa chás go bhfuil tú ar Bhealach Seirbhísithe (lena n-áirítear laistigh de 100m ó bhealach seirbhísithe) is seirbhís araid rothaí atá ar fáil duit do bhailiúchán scagtha in-athchúrsáilte agus dramhaíol líonta talún, ar a laghad. Féach nascmhapa chun tuilleadh sonraí a fháil.
Sa chás go bhfuil tú ar Bhealach Seirbhísithe (lena n-áirítear laistigh de 100m ó bhealach seirbhísithe) agus laistigh de cheirtleán a sháraíonn 500 daonra, is seirbhís araid rothaí atá ar fáil duit do bhailiúchán scagtha in-athchúrsáilte agus dramhaíol líonta talún. Féach nascmhapa chun tuilleadh sonraí a fháil.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó Íoc de Réir Meáchain do d'áras agus cead málaí a úsáid mar mhodh diúscartha, agus conaí ort laistigh de 100m ó bhealach seirbhísithe, comhlánaigh agus seol ar ais an fhoirm seo GCC-ENV-21(B)-00
Má tá do líon tí lasmuigh de scóp Bhealach Seirbhísithe, féadfaidh tú leas a bhaint as mála nó seirbhís araid rothaí.
*Bhí an t-eolas seo cruinn tráth a foilsíodh é 04/01/2021
7/7/20 Fógra
Ní mór do gach teaghlach a ndramhaíl a bhainistiú trí chloí le ceann ar bith de na roghanna a leanas:
1. Clárú le Bailitheoir Dramhaíola ceadaithe atá ag feidhmiú i limistéar Comhairle Chontae na Gaillimhe chun dramhaíl a bhailiú ar cholbha an chosáin.
2. Go ndéanfaidh sealbhóir na dramhaíola dramhaíl baile/tráchtála bhardasach a scagadh agus a sheachadadh go díreach go dtí saoráid dramhaíola údaraithe. Ní mór admhálacha a choinneáil mar chruthúnas go bhfuil leas á bhaint as an rogha seo.
3. Bosca Bruscair a Roinnt. Rogha atá anseo chun go dtiocfaidh dhá theaghlach le chéile agus an cuntas bosca bruscair agus dramhaíola céanna a roinnt. Beidh cruthúnas maidir leis an socrú roinnte seo de dhíth.
Teagmháil
An Rannóg Timpeallachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh, 091-509510 nó environment@galwaycoco.ie.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte