Leabhair agus Bileogaí
- Naisc ábhartha eile
- Oideachas Feasachta Comhshaoil
- Leabhair agus Bileogaí
- Tionscnaimh pobail
- Bainistíocht Dramhaíl Bia
- Féilte agus Imeachtaí Glasa
- Táirgí Glantacháin níos Glaise
- Garraíodóireacht níos Glaise
- Clár Oideachais Scoileanna/ Scoileanna Glasa
- Cosc Dramhaíl
Tá a fhios againn go léir nach bhfuil sé go maith don chomhshaol an iomarca dramhaíola a ghiniúint, ach mar dhaoine aonair, cad is féidir linn a dhéanamh chun iarracht a dhéanamh chun an tionchar a bhíonn ag ár ngníomhaíochtaí laethúla ar an gcomhshaol a laghdú? Is é an rogha is fearr ná iarracht a dhéanamh dramhaíl a chosc, mura gcruthófar dramhaíl ní bheidh aon ghá lena diúscairt. (pdf, 358 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 17:25:00 GMT)
Cosc Ar Dhramhail Bia Sa Bhaile
Is fadhb mhór í dramhaíl bia agus cosnaíonn sí €700 ar an meán ar theaghlaigh na hÉireann gach bliain.
Bíonn an costas sin i bhfad níos airde i gcásanna áirithe. Ní mór dúinn go léir ár gcuid féin a dhéanamh chun líon na dramhaíola bia a ghintear a laghdú trí bheith níos eolaí ar na rudaí a chuirimid inár mboscaí bruscair.
In Éirinn déantar os cionn milliún tona dramhaíl bia a dhiúscairt gach bliain. Tagann timpeall an tríú cuid desin ó líonta tí agus ciallaíonn sé sin go bhfuil gach duine, agus iad sa bhaile, ag caitheamh amach timpeall 80kg dramhaíl bia gach bliain.
Muiriniu Baile
MÚIRÍNIÚ BAILE Le múiríniú, déantar táirge luachmhar don ghairdín as dramhaíl orgánach ar nós málaí tae, torthaí, craicne glasraí agus dramhaíl ón ngairdín agus is féidir an méid dramhaíl tí a chuirtear chuig líonadh talún a laghdú suas le 33%. (pdf, 373 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 17:29:00 GMT)
MÚIRÍNIÚ BAILE-DL
(pdf, 277 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 17:31:00 GMT)
Caomhnu Fuinnimh Sa Bhaile
CAOMHNÚ FUINNIMH SA BHAILE Má bhíonn tú tíosach ar fhuinneamh sa bhaile is féidir leat 20% nó níos mó a shábháil i gcostais fuinnimh. Is é an chéad chéim maidir le fuinneamh a bhainistiú sa teach ná a fháil amach cá mhéad a chaitheann tú. De bhrí go n-athraíonn sé sin ó mhí go mí, ba chóir monatóireacht a dhéanamh ar úsáid fuinnimh ar bhonn bliantúil ag úsáid do chuid billí. (pdf, 321 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 17:33:00 GMT)
CAOMHNÚ FUINNIMH-DL
(pdf, 321 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 17:36:00 GMT)
Uisce A Chaomhnu Sa Bhaile
De réir mar a théann an daonra i méid, méadaíonn an t-éileamh ar ár n-acmhainní uisce. Má táimid chun leas a bhaint as ár gcúltaiscí lómhara, caithfimid a bheith níos feasaí maidir le caomhnú uisce. (pdf, 342 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 17:37:00 GMT)
CAOMHNÚ UISCE-DL
(pdf, 280 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 17:38:00 GMT)
Dramhaíl Chontúirteach Tí.pdf
Baineann a lán againn úsáid rialta as táirgí dramhaíola guaisí tí inár dtithe - úsáidimid iad chun rudaí a ghlanadh, chun ár ngairdíní a choinneáil saor ó lotnaidí, chun ár gcarranna a choinneáil i gcaoi, chun ár dtithe a chothabháil agus a mhaisiú agus freisin inár ngrúmaeireacht agus inár sláinteachas pearsanta féin. Samplaí coitianta de dhramhaíl chontúirteach tí is ea péinteanna olabhunaithe, iotnaidicídí agus feithidicídí áirithe, táirgí glantacháin áirithe, earraí a bhfuil tuarthóir iontu agus aerasóil. Beidh siombail guaise nó téacs ar na táirgí dramhaíola guaisí tí go léir agus mura ndéantar na táirgí sin a stóráil i gceart, a úsáid i gceart agus a dhiúscairt I gceart, is féidir leo a bheith baolach dár sláinte agus don timpeallacht. Tá earraí éagsúla malartacha ar fáil le n-úsáid sa teach chun laghdú a dhéanamh ar an méid dramhaíola guaisí tí a úsáidtear sa teach. Ar na malairtí sin tá fínéagar, liomóidí, sóid aráin agus criostail sóide.
Bainistiu Dramhaiola San Ait Oibre
Is féidir go leor airgid a shabháil má chinntítear go ndéantar drámhaíl a bhainistiú i gceart i ngnólacht. Ta sé tábhachtach an méid agus an cinéal dramhaíola a tháirgeann tú a shainaithint. Nuair a dhéanfar é sin, tá sé in am ansin féachaint ar an dramhaíl gur féidir a chosc. Ba chóir na hábhair go léir atá oiriúnach d’athchúrsáil a dheighilt ag an bhfoinse agus a stóráil go cuí. Is féidir le go leor gnólachtaí 10% a shábháil ar a gcostais dramhaíola trí réitigh dramhaíola a chur i bhfeidhm ar chostas íseal nó nach mbaineann costas ar bith leo. (pdf, 759 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 18:03:00 GMT)
BAINISTIÚ DRAMHAÍOLA SAN ÁIT OIBRE-DL
(pdf, 277 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 18:06:00 GMT)
Dramhail Bia A Chosc San Ait Oibre
Tá feidhm leis na Rialacháin um Dramhaíl Bia (IR 508de 2009) in Éirinn ón 1 Iúil 2010. Leis na Rialacháin, éilítear ar an earnáil tráchtála dramhaíl bia a dheighilt agus é chur in araid faoi leith agus a chinntiú nach ndéanfar é a mheascadh le haon dramhaíl eile. Caithfidh bailitheoir údaraithe an dramhaíl bia a bhailiú agus caithfear déileáil leis trí mhúiríniú nó trí phróiseas athchúrsála ceadaithe eile. Nó, is féidir le gnólachtaí an dramhaíl bia a iompar go díreach chuig planda múiríniú nó is féidir leo féin é a chóireáil trí aonad múirínithe a shuiteáil san áitreabh a ngintear an dramhaíl, má bhíonn an ceadúnú a theastaíonn uathu acu. (pdf, 797 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 18:12:00 GMT)
DRAMHAÍL BIA A CHOSC SAN ÁIT OIBRE-DL
(pdf, 281 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 18:14:00 GMT)
Fuinneamh A Bhainistiu San Ait Oibre
De ghnáth, i ngnólacht, is úsáid leictreachais, ola agus gáis a dhéanfaidh suas an caiteachas iomlán ar fhuinneamh. Beidh éagsúlachtaí i gceist idir na foinsí fuinnimh sin ag brath ar an gcineál gnólachta. Tá sé thar a bheith indéanta monatóireacht agus bainistiú a dhéanamh ar leictreachas, ola agus gás ar an láthair, ach fios a bheith agat ar an tslí leis sin a dhéanamh. Ba chóir duit iarracht a dhéanamh monatóireacht a dhéanamh ar úsáid trí mhéadair a léamh go rialta, comparáid a dhéanamh idir úsáid agus táirgeacht nó láimhdeachas agus monatóireacht a dhéanamh ar shonraisc trí shonraí a ionchur ar bhileog shonraí. Tóg leictreachas mar shampla, ceann de na bealaí is éasca le do chostas leictreachais a laghdú is ea a chinntiú go bhfuil tú ar an dtaraif cheart. Má tá tú ag iarraidh do chostais chomhshaoil a laghdú caithfidh tú dul i mbun gnímh i roinnt réimsí éagsúla mar shampla éifeachtúlacht trealamh agus éifeachtúlacht cuisniúchán. (pdf, 763 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 18:16:00 GMT)
FUINNEAMH A BHAINISTIÚ SAN ÁIT OIBRE -DL
(pdf, 275 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 18:21:00 GMT)
Caomhnu Uisce San Ait Oibre
Caithfidh tú clár caomhnaithe uisce a chur i bhfeidhm i do ghnólacht a bheidh spriocdhírithe ar na príomhlimistéir ina n-úsáidtear uisce. D’fhéadfadh limistéir phróiseála, deilithe, cistineacha agus leithris a bheith i gceist leis sin, ag brath ar do ghnólacht. (pdf, 463 kbs, Last Updated: Céad, 22 Feabh 2012 18:23:00 GMT)
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte