Athbhreithniu PFC
- Naisc ábhartha eile
- Athbhreithniu PFC
- Céim 1: Réamh-Dhréacht
- Céim 2: Dréacht
- Céim 3: Leasuithe
- Aigneachtaí
Fáilte chuig an láithreán Gréasáin oifigiúil d’Athbhreithniú an Phlean Forbartha Contae do Chomhairle Contae na Gaillimhe
Tá Comhairle Contae na Gaillimhe anois tar éis tús a chur go hoifigiúil leis an athbhreithniú ar Phlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2015-2021 agus ullmhóidh sí Plean Forbartha Contae nua i nGaillimh. Caithfear an próiseas déanta Plean seo a chríochnú laistigh de dhá bhliain faoi Bhealtaine 2022.
Bíonn céimeanna éagsúla i gceist agus Plean Forbartha á ullmhú. Meastar gurb é an chéim seo atá ar bun faoi láthair. Céim 1, ‘An Chéim Réamh-Dhréachta’ agus áirítear léi Páipéar Saincheisteanna a ullmhú. Le linn na céime seo agus na gcéimeanna ina diaidh, mar a mhínítear thíos, rachaidh an tÚdarás Pleanála i gcomhairle leis an bpobal chun rannpháirtíocht an phobail in ullmhú an Phlean Forbartha nua a spreagadh agus a éascú.
Féach ar an leathanach gréasáin faoi iamh le do thoil chun an próiseas agus na hamlínte gaolmhara a chur ar an eolas go hiomlán. Glac do pháirt i gceapadh Plean Forbartha Contae nua na Gaillimhe 2022-2028.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte