Tithíocht inacmhainne
- Naisc ábhartha eile
- Tithíocht inacmhainne
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Tithe Folmha agus Ciste Croí Cónaithe
- Spėis Talamh a Dhoíl
- Léas Fadtéarmach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Léirithe Spéise maidir le Forbairtí Lándéanta
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
- Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis
Cláraigh do spéis i dTithe Inacmhainne i gContae na Gaillimhe: Cláraigh do spéis i dTithe Inacmhainne i gContae na Gaillimhe | Galway County Council Online Consultation Portal
Céard atá sa Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údarás Áitiúil?
Faoin Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údarás Áitiúil, cabhróidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le muintir incháilithe an phobail tithe nua a cheannach ar phraghas laghdaithe. Agus gnáthscair á coinneáil ag an gComhairle féin, seo scéim do cheannaitheoirí a dteastaíonn uathu teach nuathógtha a cheannach nuair a nach gclúdóidh an morgáiste agus an éarlais le chéile acu praghas margaidh na réadmhaoine nuathógtha.
Beidh éagsúlacht i gcéatadán na gnáthscaire sa réadmhaoin a bheidh á choinneáil ag an Údarás Áitiúil ag brath ar chumhacht cheannaigh an iarratasóra. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Tithe Inacmhainne: Scéim um Cheannach Inacmhainne | Scéim Cíosa Costais
Tá an doiciméad Ceisteanna Coitianta ar fáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar an scéim: Ceisteanna Coitianta
Cé a fhéadfaidh cur isteach ar an Scéim um Cheannach Inacmhainne?
Le bheith incháilithe chun cur isteach do Thithíocht Inacmhainne, ní mór d'iarratasóirí na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- Bí i do cheannaitheoir céaduaire nó na heisceachtaí faoin bPrionsabal Tosú as an Nua a chomhlíonadh, nó bíodh teach nach bhfuil feiliúnach agat do riachtanais lóistín reatha theaghlach an iarratasóra de dheasca thomhas an tí.
- Ní mór go mbeidh sé de cheart ag chuile dhuine atá san áireamh san iarratas cónaí sa Stát ar feadh tréimhse gan teorainn.
- Déanfar measúnú ar chuile iarratasóir agus ní mór dóibh critéir áirithe, a fhoilseofar roimh an gcur isteach, a chomhlíonadh. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Tithe Inacmhainne:
Scéim um Cheannach Inacmhainne | Scéim Cíosa Costais
Cén chaoi a bhféadfaidh iarratasóir cur isteach uirthi?
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin tríd an tairseach iarratais ar líne. Ar an lá a n-osclófar an tairseach iarratais, beidh ort clárú ar an tairseach i dtosach báire agus ina dhiaidh sin is féidir leat an chéad fhoirm iarratais a chur i gcrích agus an cháipéisíocht iarrtha a chur isteach.
Fógrófar an dáta agus am oscailte don iarratas dhá sheachtain ar a laghad roimh ré.
Déanfar an cinneadh i ndáil le d'iarratas de réir na gcritéar incháilithe agus Scéim na dTosaíochtaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Ar fáil le féachaint anseo Affordable Scheme of Priorities Irish
I gcásanna áirithe, tabharfar tús áite d'iarratas bunaithe ar an dáta agus ar an am a bhfaightear na hiarratais.
Nuair a chuirtear tithe inacmhainne ar fáil le haghaidh ceannach; fógrófar iad sna háiteanna seo a leanas agus beidh sonraí maidir le cén chaoi agus cén uair an cur isteach a dhéanamh san áireamh;
- Láithreán Gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe
- Leathanaigh Mheáin Shóisialta Chomhairle Chontae na Gaillimhe
- I nuachtán áitiúil / náisiúnta
Cén chaoi a bhféadfaidh iarratasóir ullmhú le haghaidh iarratais?
- Bailigh an cháipéisíocht tacaíochta uilig mar a leagtar amach inár lámhleabhar "Tithíocht Inacmhainne - Cháipéisíocht Tacaíochta." Affordable Checklist Irish
- Déan iarratas ar an Scéim Cabhair le Ceannach (más infheidhme)
- Molann muid go mór go mbeadh Deimhniú Morgáiste i bPrionsabal socraithe ag iarratasóirí.
- Socrú Ceannaigh Teaghaise Inacmhainne Beartas Measúnaithe Ioncaim
- Teastas Tuarastail
Is féidir tuilleadh eolais ar Scéim um Cheannach Inacmhainne a aimsiú anseo:
Cur i láthair faisnéise 03/10/2024 - Baile Chláir (Claregalway) Presentation
Láithreán Gréasáin Tithe Inacmhainne - Scéim um Cheannach Inacmhainne | Scéim Cíosa Costais
Ceisteanna Coitianta maidir le Tithe Inacmhainne – Ceisteanna Coitianta | Scéim um Cheannach Inacmhainne | Tithe Inacmhainne Éireann
Táscaire Incháilitheachta - Táscaire Incháilitheachta | Scéim um Cheannach Inacmhainne | Tithe Inacmhainne Éireann
Má tá aon cheist agat, seol ríomhphost chuig affordablehousing@galwaycoco.ie & 091 509305.
Coimeád súil ar an leathanach seo le do thoil toisc go nuashonrófar go rialta é.
Nuashonraíodh an leathanach is déanaí 16/07/2025.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte