An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- Naisc ábhartha eile
- Ciste Gníomhaíochtaí Pobail
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- CLÁR
- An Clár um Fheabhsú Phobail
- An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- Suí Lasmuigh & Oiriúintí don Scéim Gnó Turasóireac
- Scéim um Dheontais Chaipitil d'Fhiontair Shóisialt
Tá áthas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha faoi Scéim Athnuachana na mBailte & na Sráidbhailte a fhógairt.
Is é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann straitéis cúig bliana an Rialtais chun ceantair thuaithe na hÉireann a athbheochan agus áirítear inti gealltanas chun aghaidheanna siopaí agus sráideanna a uasghrádú agus a fheabhsú inár gcuid bailte agus sráidbhailte. Beifear níos mórtasaí agus muiníní as ár mbailte agus sráidbhailte má fheabhsaítear an chuma atá ar ár sráid-dreacha uirbeacha, agus déanfar áiteanna níos deise díobh le cónaí iontu, le bheith ag obair iontu agus le gnó a dhéanamh iontu.
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) a dhéanfaidh an ghníomhaíocht seo a mhaoiniú tríd an mBeart um Fheabhsú Sráid-dreacha.
Tacófar le gníomhaíochtaí amhail péinteáil (lena n-áirítear múrphictiúir), comharthaí nua a chur in áit seanchomharthaí, feabhas ar aghaidheanna siopaí, soilsiú agus forscáthanna leis an mBeart seo.
Is iad tionóntaí nó úinéirí na bhfoirgneamh tráchtála, na bhfoirgneamh cónaithe nó na bhfoirgneamh nach bhfuil cónaí iontu sna suíomhanna i lár na mbailte/na sráidbhailte, mar a shonraítear sna léarscáileanna theorainn na scéime do gach ceantar, na hiarratasóirí incháilithe.
Déanfar measúnú cás ar chás ar iarratas ar bith a gheofar a bhaineann le ceantar lasmuigh de na ceantair thosaíochta seo.
Tabhair ar aird: Ní mór do thionóntaí cead scríofa ó úinéir an áitribh a chur ar aghaidh maidir leis an obair shonraithe.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le Foirmeacha Iarratais lena n-áireamh sa Bheart – Déardaoin 31 Lúnasa 2023 faoi Mheán Oíche ar líne nó is féidir foirm iarratais a ndearnadh í a scanadh a chur ar ríomhphost chuig tandv@galwaycoco.ie
Sula gcomhlanaíonn tú an fhoirm seo, le do thoil leigh go mion na treoirlínte um dheontas a ghabhann leis.
Streetscape Enhancement Measure 2023 Application Form (An Spidéal)
Streetscape Enhancement Measure 2023 Map of Qualifying Properties (An Spidéal)
Tuilleadh Eolais tandv@galwaycoco.ie Teil: 091 509396/509334
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte