An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024
- Naisc ábhartha eile
- CLÁR
- Ciste Aitheanta Pobail
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024
- Suí Lasmuigh & Oiriúintí don Scéim Gnó Turasóireac
- An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024
Is é an dáta deiridh chun glacadh le foirmeacha iarratais comhlánaithe ná Dé Máirt an 27ú Feabhra 2024
Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar son An gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC), roimh iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí pobail agus deonacha neamhbhrabúis laistigh de cheantar riaracháin Chontae na Gaillimhe faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2024. Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riar ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) i ngach ceantar Údaráis Áitiúil.
Riarfaidh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe an maoiniú caipitiúl seo a leanas faoin gClár:
- Ciste Ginearálta an Chláir Feabhsaithe Áitiúil - €145,220: tacóidh an Ciste Ginearálta le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, chun deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, agus/nó chun trealamh a cheannach le haghaidh úsáid an phobail.
- Ciste na mBan faoin Chlár Feabhsúcháin Aitiúil - €30,896.17: tá an maoiniú imfhálaithe seo chun tacú le líon méadaitheach na gClubanna agus na nGrúpaí Ban, e.g., Seideanna na mBan, Grúpaí Spóirt na mBan, agus líonraí sóisialta eile ar nós grúpaí ICA, Irish Girl Guides, etc. Tá sé bearthaithe an cistiú atá ar fail a leithdháileadh ar bhealach réasúnta comhionann ar gach grúpa incháilithe, áfach, ba choir a thabhairt faoi deara go bhfuil grupaí ban I dteideal iarratas a dhéanamh ar an gciste ginearálta freisin.
Ní mór d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a chur isteach ar an dáta deiridh nó roimhe sin trí (a) leagan scanta sínithe a sheoladh ar ríomhphost chuig communitygrants@galwaycoco.ie NÓ trí (b) iad a sheoladh ar an bpost chuig Deontais Pobail, An Rannóg Forbartha Eacnamaíochta, Tuaithe agus Pobail, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Féach le do thoil ar an nasc seo a leanas leis an bpreseisiúint ag fógairt an Chláir Feabhsúcháin Áitiúil 2024 ar an leibhéal náisiúnta, ag an Aire Forbartha, Tuaithe agus Pobail, Heather Humphries TD, agus ag an Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien T.D. Preasráiteas
An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 Foirm Iarratais
An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 CISTE NA mBAN Foirm Iarratais
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte