An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- Naisc ábhartha eile
- CLÁR
- Ciste Aitheanta Pobail
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025
- Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
- An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- CEANTAR BARDASACH THUAMA CISTE CAIPITIL TACAÍOCHTA
Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte (TVRS)
Tá an Scéim (TVRS) deartha chun tacú le hathbheochan na tuaithe in Éirinn trí fhócas athnuaite ar théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta i
lár an bhaile agus ar athghiniúint.
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a mhaoiníonn an ScéimAthnuachana Bailte agus Sráidbhailte agus na hÚdaráis Áitiúla achuireann i bhfeidhm í a oibríonn go dlúth le pobail agus gnólachtaíáitiúla chun tograí bunaithe ar áit a fhorbairt a d'fhéadfadh tioncharbuan a bheith acu in athbheochan bailte agus sráidbhailte tuaithe.
2025 Léirithe Suime (EOI)
Tá Léirithe Suime le haghaidh Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025 oscailte anois. Le tuilleadh eolais a fháil ar scéim na bliana seo agus chun do EOI a chur isteach, tabhair cuairt le do thoil ar galwaycoco.submit.com
Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná 15 Bealtaine ag meán oíche.
I measc na ngníomhaíochtaí a bhreithnítear faoin Scéim tá:
- tionscadail a chuireann foirgnimh fholmha agus thréigthe in úsáid arís mar spásanna pobail ilfheidhme nó mar mhoil chianoibre;
- infheistíocht i bhforbairt páirceanna, spás glas, agus taitneamhachtaí áineasa i lár bailte agus sráidbhailte, pláis, margaí, nó scrúdú a dhéanamh ar shuíomhanna oiriúnacha;
- athchóiriú ar áiseanna agus ionaid phobail atá ann cheana féin;
- tionscadail chun tacú le pobail bhríomhara inbhuanaithe ar oileáin áitrithe amach ón gcósta de chuid na Gaillimhe;
- tionscadail inbhuanaithe nó cinn a chuimsíonn réitigh atá bunaithe ar an dúlra;
- tionscadail a dhíríonn ar inrochtaineacht do chách agus uilechuimsitheacht.
D’fhéadfadh go n-áireofaí sa Scéim freisin Bearta Feabhsaithe Sráid-dreacha chun aghaidheanna sráide a fheabhsú, agus Bearta Forbartha Tionscadail le haghaidh gníomhaíochtaí atá fós ag an gcéim phleanála.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach ar ár dTreoirlínte Faisnéise:
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Forbartha Tuaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh ceisteanna ginearálta nó chun am a shocrú chun do thogra a phlé ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: tandv@galwaycoco.ie
Teil: 091 509396 agus 091 509334
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte