CLÁR
- Naisc ábhartha eile
- CLÁR
- Ciste Aitheanta Pobail
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2025
- An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
Cad é CLÁR?
Is scéim mhaoinithe é CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) do thionscadail bhonneagair ar scála beag i gceantair CLÁR - ceantair tuaithe áirithe atá thíos le leibhéil shuntasacha laghdaithe daonra. Is féidir suas le cúig iarratas déag a chur ar ghearrliosta gach bliain don chlár CLÁR, ar uasmhéid de €50,000 in aghaidh an tionscadail ag ráta maoinithe 90% (maoiniú meaitseála 10%).
CLÁR 2025
Tá clár ar fiú €11 milliún é faoi CLÁR 2025 seolta ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agaus Gaeltact Dara Calleary TD.
Tá Léirithe Suime do CLÁR 2025 oscailte anois. Le tuilleadh eolais a fháil ar scéim na bliana seo agus chun do EOI a chur isteach, tabhair cuairt le do thoil ar galwaycoco.submit.com
Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná 15 Bealtaine ag meán oíche.
Tá seimineár gréasáin maidir le CLÁR á phleanáil i gcomhar le Líonra Rannpháirtíochta Phoiblí Chontae na Gaillimhe, (PPN) agus an dáta le dearbhú.
Cad a mhaoinítear le CLÁR?
Déanfar CLÁR 2025 a sheachadadh trí 3 Bheart ar leith mar seo a leanas:
- Beart 1: Áiseanna agus Saoráidí Pobail a Fhorbairt
- Beart 2: Soghluaisteacht, Cúraim Ailse, Iompar Céadfhreagróirí Pobail agus Iompar Béilí ar Rothaí
- Beart 3: ‘Ar nOileáin bheo”
Tacóidh Beart 1 le héagsúlacht tionscadal caipitil ar choinníoll go gcuideoidh siad le feabhas a chur ar Shaoráidí Áineasa Pobail atá ann cheana féin agus/nó forbairt a dhéanamh ar Shaoráidí Áineasa Pobail nua inrochtana. Tugann an liosta thíos tuiscint dúinn ar na cineálacha idirghabhálacha a bhféadfar tacú leo, ach ní liosta uileghabhálach é:
- Oibreacha athchóirithe ar mhionscála ar áiseanna pobail atá oscailte don phobal mar ionaid phobail/ionaid spóirt/clubthithe grúpaí spóirt/ionaid óige/seideanna fear. Áirítear leis seo oibreacha seachtracha amhail páirceáil agus feabhsuithe inrochtaineachta.
- Ceantair Cluichíochta Ilúsáide (CCIÚnna)/Saoráidí Astroturf lena n-áirítear uasghrádú
- Páirceanna Clárscátála/Clóis Súgartha/Pumpraonta/Raonta Rothar/ spásanna do dhéagóirí.
- Raonta Siúil/Reatha/Lúthchleasa
- Cúirteanna Liathróid Láimhe/Cúirteanna Leadóige/Cúirteanna Cispheile/Páirceanna Chruicéid
- Giomnáisiamaí Pobail/Pictiúrlanna Pobail
- Gairdíní na gCéadfaí/Gairdíní Pobail/Cuibhrinn Pobail
- Rochtain ar shuíomhanna Oidhreachta uathúla/limistéar áilleachta nádúrtha
- Ceantair Babhlála Lasmuigh / Leithreas Allamuigh agus Áiseanna Athraithe /Carrchlós
- Rochtain ag tailte spóirt a fheabhsú e.g. forbairt/uasghrádú seastáin lucht féachana ag tailte spóirt áitiúla le fócas ar leith ar rochtain a fheabhsú do dhaoine de gach cumas agus aois
- Boscaí bruscair gréine
- Plandáil bithéagsúlachta
Tabhair faoi deara: Ní mór iarratais do Bhearta 2 agus 3 a dhéanamh go díreach chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Féach gov.ie - Maoiniú-CLÁR le haghaidh Tionscadail Thuaithe ar Scála Beag (www.gov.ie) le haghaidh tuilleadh eolais.
Ní mór go mbeadh aon saoráid a mhaoinítear ar fáil do bhaill den phobal gan riachtanas a bheith ina mball de chlub, cláraithe i scoil etc. Ní mór go mbeadh saoráidí ar thailte scoile go háirithe oscailte don phobal lasmuigh d'uaireanta scoile e.g., um thráthnóna, ag an deireadh seachtaine, agus laethanta saoire scoile.
Cá bhfuil na ceantair CLÁR?
Is féidir leat an léarscáil CLÁR a fheiceáil anseo: Clar Areas
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Tionscadail Beo
Ceadaíodh maoiniú CLÁR do 15 thionscadal i gContae na Gaillimhe in 2024. Chun liosta iomlán na dtionscadal a faomhadh a fheiceáil, cliceáil thíos le do thoil: 2024 Approved CLÁR Projects
Tá seimineár gréasáin ar scéim CLÁR 2025 i gcomhar le Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe (PPN) á phleanáil, dáta le deimhniú.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Forbartha Tuaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh ceisteanna ginearálta nó chun am a shocrú chun do thogra a phlé ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: clar@galwaycoco.ie
Teil: 091 509396 agus 091 509334
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte